Luasghéarú imtharraingteach, téarma san fhisic. Tugtar luasghéarú imtharraingteach ar an luasghéarú de bharr domhantarraingthe ar rud a thiteann go héasca. Má shloinntear mais an réada i m agus má shloinntear luasghéarú an domhantarraingthe i g, is féidir an domhantarraingt G a chur in iúl mar G=mg.
